Welsh

An Bhreatnais

Is teanga Cheilteach í an Bhreatnais nach bhfuil mórán cosúlachtaí aici leis an Bhéarla agus mar sin ní bhíonn mórán de chomh-thuiscint idir an dá theanga taobh amuigh d’fhocail iasachta nó cód-mheascadh Béarla ag cainteoirí Breatnaise.

Léirítear sa Daonáireamh Bliantúil a dhéanann an Oifig Náisiúnta Staitisticí don bhliain dár críoch Márta 2019 go bhfuil Breatnais labhartha ag 874,600 cónaitheoir thar trí bliana d’aois (29% den daonra iomlán). Tugtar le fios sna torthaí is déanaí (2017-18) ó Shuirbhé Náisiúnta na Breataine Bige go bhfuil an Bhreatnais labhartha ag 19% den daonra fásta thar 16 bliain d’aois, agus chuir 12% breise ón chatagóir aoise in iúl go bhfuil “Breatnais labhartha éigin” acu. Léiríonn an dá suirbhé céatadáin níos airde de chainteoirí Breatnaise sa Bhreatain Bheag mar a léiríodh sa Daonáireamh deichbhliantúil in 2011 a thug le fios go raibh an Bhreatnais labhartha ag 19% den daonra thar trí bliana d’aois.

Baineann na pobail ina bhfuil céatadáin níos airde de chainteoirí Breatnaise le tuaisceart agus le hiarthar na tíre. Maidir le líon cainteoirí, áfach, tá an líon is airde de chainteoirí Breatnaise le haimsiú i gceantair dhlúthlonnaíochta uirbeacha i ndeisceart agus in oirthear na tíre. Is fiú a rá, mar sin, gur teanga bheo laethúil í an Bhreatnais do dhaoine in achan chuid agus in achan réigiún sa Bhreatain Bheag. Sa bhreis air sin, tá cainteoirí Breatnaise le fáil ar fud an domhain a mbíonn an teanga in úsáid acu ar na meáin shóisialta, sna mór-mheáin agus ar sheirbhísí ar líne. Meastar go bhfuil breis agus 1000,000 cainteoir Breatnaise i Sasana ann féin. Tá pobal ann fosta sa Phatagóin agus is de bhunadh oidhreacha na Breataine Bige iad. Meastar go bhfuil timpeall 5,000 cainteoir Breatnaise ina measc.

De bharr chineachadh na cumhachta agus dílárú rialtas in 1998, agus mar aon le bunú Tionól Náisiúnta na Breataine Bige, tá comhaontú tras-pháirtí dírithe ar chur chun cinne na Breatnaise sa saol poiblí agus ar chaomhnú na teanga don todhchaí. Sa lá atá inniu ann tá tacaíocht láidir reachtúil ag an Bhreatnais. Chuir Forálacha 2011 ar na bunchlocha a leagadh síos in Acht na Breatnaise 1993 agus leis sin ar fad tá stádas oifigiúil ag an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag. Ó bhí 2011 ann, tá oifig an choimisinéara Breatnaise ar an fhód agus tá caighdeáin Bhreatnaise anois i bhfeidhm in áit scéimeanna teanga (mar a bhí ag Bord na Breatnaise roimhe seo). In 2015 glacadh isteach Acht Folláine na nGlúnta atá le teacht (An Bhreataine Bheag) 2015 a leagann amach comh-chreatlach do pholasaí poiblí sa Bhreatain Bheag. Cuirtear chun cinn san Acht seo fís do Bhreatain Bheag a mbeidh an Bhreatnais lárnach inti. De réir a chéile, tá reachtaíocht sa Bhreatain Bheag ag tabairt airde ar chomhthéacs dátheangach reachtúil na Breataine Bige.

Sna sála ar bhunú an chéad bhunscoile stáit Breatnaise in 1947, tá fás as cuimse tagtha ar earnáil oideachais na Breatnaise ar fud na Breataine Bige, a tharlaigh fríd éileamh tuismitheoirí agus lucht déanta polasaithe oideachais. Tá breis agus 500 Cylchoedd Meithrin a chuireann seirbhísí reamh-scoile agus cúram linbh ar fáil do bhreis agus 13,000 páiste fud fad na Breataine Bige. De réir staitisticí an rialtais, Freastalaíonn 16% de dhaltaí bunscoile agus meánscoile sa Bhreatain Bheag ar scoileanna Breatnaise agus freastalaíonn 10% eile ar scoileanna dátheangacha nó ar scoileanna Béarla a bhfuil soláthar suntasach Breatnaise acu. Tá sprioc ag Rialtas na Breataine Bige céatadán gach bliain-ghrúpa i scolaíocht Breatnaise a ardú le 30% faoi 2031 agus le 41% faoi 2050 mar chuid d’fhís rialtais milliún cainteoirí Breatnaise a chruthú faoi 2050.