Fáilte isteach

An Tionscadal:

      Cur síos

Ní mór teanga a úsáid más mian linn go rachaidh sí ar aghaidh chuig na glúnta atá amach romhainn, go háirithe i gcás teangacha réigiúnacha, mionlaigh (TRM) as seo amach), comh-oifigiúla agus na teangacha dúchasacha siúd atá i mbaol. Is iad seo na teangacha nach mbíonn na deiseanna ceanna úsáide ann leo i ngnáth-chásanna laethúla.


Is minic, i roinnt comhthéacsanna, go ndéanann cainteoirí TRM féin-chinsireacht orthu féin agus tiontaíonn siad ar mhór-theanga eile in áit na mionteanga s’acu féin. Tarlaíonn an tiontú teanga seo ar an mhór-theanga cé go mbíonn cumas maith tuisceana ag an dara duine sa chomhrá ar an mhionteanga, nó i réigiúin ina mbíonn stádas oifigiúil ag an mhionteanga, nó nuair a bhíonn comhthuiscint leathan áitiúil nó réigiúnach ar an mhionteanga. Tarlaíonn sé fosta go leantar leis an chomhrá tríd an mhór-theanga mar nós aonair nó nós úsáide teanga fád-bhunaithe idir cáinteoirí.


Is scil é treallús a bhaineann le féin-mhuinín a léiriú gan a bheith ionsaitheach. Is scil agus modh cumarsáide é ar féidir a fhoghlaim. Nuair a chuirtear teoiric an treallúis i bhfeidhm ar cheist úsáide teangacha, baineann sé le hiarracht cainteora rogha teanga a úsáid agus a roghnú, agus an rogha sin a dhéanamh faoi smacht, go suaimhneach muiníneach, go háirithe nuair nach mbíonn an duine cinnte an mbíonn cumas tuisceana nó labhartha ag an duine eile ar an teanga atá á húsáid.

Is é is sprioc le togra seo LISTEN chun scileanna a thabhairt do agus oiliúint a chur ar chainteoirí TRM gníomhú ar nósmhaireacht úsáide teanga s’acu féin agus chun sin a athrú nó a aithint trí straitéisí éagsúla treallúis theangacha.


Tuilleadh eolais