Frysk
An Fhreaslainnis
Is teanga Ghearmánach Iartharach í an Fhreaslainnis Iartharach, nó an Fhreaslainnis nó Frysk mar is fearr aithne uirthi, a bhíonn á labhairt don chuid is i limistéar na Freaslainne (Fryslân) atá lonnaithe ó thuaidh an Ísiltír. Tá sí ar an teanga i mó labhairt i measc na dteangacha Freaslannacha.
Tá timpeall 650,000 áitritheoir san Fhreaslainn agus is féidir le 94% den mhéid sin an Fhreaslainnis Iartharach labhartha a thuiscint. Is féidir le 74% den mhéid sin an Fhreaslainnis Iartharach a labhairt, Is féidir le 75% an Fhreaslainnis Iartharach a léamh, agus is féidir le 27% í a scríobh.
Do bhreis agus 50% de na háitritheoirí i limistéar na Freaslainne, is í an Fhreaslainnis Iartharach an teanga dhúchais. San oirthear láir, bíonn cainteoirí Freaslainnise le fáil thar an teorainn agus idir 4,000 agus 6,000 acu ina gcónaí i limistéar Groningen. Mar aon leis sin, is minic le 60 bliain anuas gur imigh go leor de na Freaslannaigh Iartharacha ón cheantar sin le dul chun cónaithe in áiteanna níos saibhre de chuid na hÍsiltíre. Chuige is, is féidir go mbeadh suas le 150,000 áitritheoir a bhfuil an Fhreaslainnis Iartharach acu ag cur fúthu i limistéir eile san Ísiltír. Mar aon leo siúd a bhfuil an Fhreaslainnis Iartharach acu mar chéad theanga, bíonn sí á labhairt mar dhara teanga ag timpeall 120,000 duine sa limistéar seo. Aithnítear an Fhreaslainnis Iartharach mar theanga i mbaol báis de réir UNESCO, agus tá sí liostáilte go hoifigiúil mar theanga ‘leochaileach’.
Tá caighdeánú déanta ar an Fhreaslainnis Iartharach agus tá glacadh leathan leis an chaighdeán sin ag pobal na Freaslainne. Tá an Fhreaslainnis Iartharach aitheanta go hoifigiúil fosta agus Rialtas na hÍsiltíre agus tá stádas oifigiúil aici i limistéar na Freaslainne ó bhí 1956 ann. In 2014 thug Rialtas na hÍsiltíre isteach Acht na Freaslainnise a chinntigh cearta ar aon duine i limistéar na Freaslainne an teanga féin a úsáid sna cúirteanna agus le ranna stáit, acht a dhéanann an Ísiltíris agus an Fhreaslainnis mar chomh-theangacha oifigiúla de chuid na Freaslainne.
Bunaíodh córas na bunscolaíochta dátheangaí sa Fhreaslainn in 1956, agus is féidir an Fhreaslainnis a úsáid mar mheán teagaisc ó shin ar aghaidh. Sa bhliain chéanna, glacadh leis an Fhreaslainnis mar ábhar scoile go hoifigiúil, cé go raibh sí ar fáil mar rogha breise i mbunscoileanna in 1937. Rinneadh an Fhreaslainnis Iartharach ina hábhar riachtanach i mbunscoileanna faoi dheireadh thiar thall in 1980, agus níor bronnadh an stádas sin uirthi sna meánscoileanna go dtí 1993.
Mar chuid den ISO 639 luaitear an Fhreaslainnis Iartharach le cóid fy agus fry, mar a tugadh ar na teangacha Freaslannacha trí chéile.
