Irish
Ghaeilge
Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha scríofa is arsa agus is stairiúla ar fud na cruinne. Tá an fhianaise seo le sonrú sna clocha Oghaim ón 5ú haois. Sa lá atá inniu ann is féidir an Ghaeilge a aimsiú achan áit, san iliomad leabhar, ar an teilifís, ar an raidió, sna nuachtáin, in irisleabhair agus ar fud an idirlín. Ní féidir a bheith cinnte maidir leis an chéad uair a tháinig an Ghaeilge chun na hÉireann ach creidtear go raibh sí á labhairt ann le breis agus 2,500 bliain. Bhí teangacha eile in Éirinn roimh theacht na Gaeilge, ach faoin bhliain 500AD bhí an Ghaeilge á labhairt ar fud na tíre agus bhí sí ag teacht i réim in Albain, ar chósta iarthar na Breataine agus ar Oileán Mhanann..
In 18931 bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile Conradh na Gaeilge. Le himeacht dhornán beag blianta d’éirigh leo gluaiseacht náisiúnta a chruthú ar son na Gaeilge. Cuireadh tús le gramadach scríofa na teanga a thabhairt le chéile leis an Ghaeilge labhartha. Mar thoradh ar na hiarrachtaí sin d’fhoilsigh Rialtas na hÉireann an Caighdeán Oifigiúil in 1958.
De réir an daonáirimh in 2016, luadh go raibh 1.76 milliún daoine ó dheas in Éirinn a bhfuil an Ghaeilge labhartha acu. Is í an Ghaeilge teanga an phobail sna ceantair Ghaeltachta fosta agus tá an teanga ag dul i neart lasmuigh de na ceantair seo fosta. Tá ceantair Ghaeltacht le sonrú mar chuid de 7 gcontae, mar atá, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Contae na Mí, Maigh Eo agus Port Láirge. San iomlán in 2016 luaigh 66.3% (63,664) de dhaoine thar trí bliana d’aois a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht go bhfuil labhairt na teanga acu.
Mar chuid de na torthaí daonáirimh 2011, cuireadh in iúl go raibh fios éigin ar an Ghaeilge ag 11% den daonra náisiúnta (184,898), figiúr a bhí 1% níos airde i gcomparáid le 2001. Luaitear fosta go bhfuil tuiscint ag 11% ar an Ghaeilge, go bhfuil labhairt na teanga ag 6% agus léamh agus scríobh na Gaeilge ag 5%.
Ó dheas tá na céadta Gaelscoileanna ann, idir naíscoileanna, bunscoileanna agus meánscoileanna Gaeilge. Dár le Gaeloideachas, tá 160 naíscoil ann a thugann aire do 4,980 páiste, taobh amuigh den Ghaeltacht, tá 286 bunscoil a fhreastalaíonn ar 49,822 dalta agus tá 78 meánscoil ann ar a bhfuil 15,784 dalta.
Ó thuaidh faoi láthair tá breis agus 92 scoil a éascaíonn tumoideachas Gaeilge do bheagnach 7,000 dalta scoile idir naíscoileanna, bunscoileanna agus meánscoileanna.
Tá stádas na Gaeilge leagtha amach i mBunreacht na hÉireann. Deir Airteagal 8 den Bhunreacht:
Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.
Chinntigh Acht na dTeangacha Oifigiúla an méid seo arís sa reachtaíocht ó dheas. Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga ómar chuid den reachtaíocht seo mar oifig reachtúil neamhspleách atá ag feidhmiú mar sheirbhís ombudsman agus mar eagras um chomhlíonadh.
Chinntigh Acht na dTeangacha Oifigiúla an méid seo arís sa reachtaíocht ó dheas. Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga ómar chuid den reachtaíocht seo mar oifig reachtúil neamhspleách atá ag feidhmiú mar sheirbhís ombudsman agus mar eagras um chomhlíonadh.
