Y Prosiect yn gryno

Achoimre Tionscadail

The Project in Brief

Agus muid ag plé le teangacha comh-oifigiúla, dúchasacha, réigiúnacha agus mionlaigh, a dtugtar TRM orthu, tá rud amháin coitianta eatarthu ar fad: go dtarlaíonn sé go dtiontaíonn cainteoirí TRM ar an mhórtheanga i roinnt cásanna agus comhthéacsanna. Tiontaítear ar an mhórtheanga nuair a bhíonn cainteoir mórtheanga i láthair, nó nuair a chastar ar strainséir, nó sa siopa nó ag an áit oibre. In áiteanna nach bhfuil an mhionteanga aitheanta go hoifigiúil iontu is féidir go dtarlódh an tiontú ar an mhórtheanga níos gaiste agus níos minice.



Cad chuige mar sin an dtiontaíonn daoine ar an mhórtheanga chomh gasta leis sin i gcásanna áirithe?


Tugann síceolaithe ‘géilliúlacht’ ar an iompar nó ar an nósmhaireacht seo. Baineann an ghéilliúlacht le féin-smachtú nósmhaireachta go spontáineach i dtreo iompair eile bunaithe ar nósmhaireacht, nó eagla pionóis. Tarlaíonn géilliúlacht teanga nuair a stopann duine de labhairt na mionteanga s’aige / s’aici féin agus tiontaíonn siad ar theanga eile, cé nár iarrtar orthu sin a dhéanamh.


Más cainteoir Breatnaise é/í an duine agus iad ag an siopa áitiúla i gceantar labhartha Breatnaise, áit a bhfuil Breatnais ag lucht an tsiopa, ag tosaíonn an cainteoir Breatnaise díreach ag labhairt Béarla leo, tá an cainteoir sin ag cloí le teoiric sin na géilliúlachta teanga. Má tá beirt Ghaeilgeoirí i mbun comhrá Gaeilge agus tagann an tríú duine, nach bhfuil aithne ar bith acu air / uirthi, agus tiontaíonn siad láithreach ar an Bhéarla gan aon eolas a lorg nó a fháil maidir le cumas teanga an duine sin, tá an ghéilliúlacht teanga i réim leo sa chás seo fosta.
Is iomaí sampla den ghéilliúlacht teanga atá ann timpeall an domhain. Is féidir leo ar fad bheith mar údar imní don chainteoir agus bheith mar bhunús le mothúcháin bunaithe ar teip agus dímrí. Ach tá deá scéal ann. Is nósmhaireacht é seo, iompar ar féidir a athrú.

Tá modheolaíocht á forbairt mar chuid den tionscadal LISTEN chun oiliúint a chur ar chainteoirí TRM a chuideoidh leo a nósmhaireacht a leasú, chun an imní a laghdú, agus le tacú leo a bheith níos muiníní mar chainteoirí mionteanga. De réir a chéile, agus le cleachtadh agus dea-thoil, is féidir le haon duine theacht ar dearcadh nua agus minicíocht úsáide sóisialta na mionteanga a mhéadú.

Teangacha an Tionscadail

Cym

Is teanga Cheilteach í an Bhreatnais nach bhfuil mórán cosúlachtaí aici leis an Bhéarla agus mar sin ní bhíonn mórán de chomh-thuiscint idir an dá theanga taobh amuigh d’fhocail iasachta nó cód-mheascadh Béarla ag cainteoirí Breatnaise.
 
 
 

Fry

Is teanga Ghearmánach Iartharach í an Fhreaslainnis Iartharach, nó an Fhreaslainnis nó Frysk mar is fearr aithne uirthi, a bhíonn á labhairt don chuid is i limistéar na Freaslainne (Fryslân) atá lonnaithe ó thuaidh an Ísiltír.
 
 
 
 

Gle

Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha scríofa is arsa agus is stairiúla ar fud na cruinne. Tá an fhianaise seo le sonrú sna clocha Oghaim ón 5ú haois
 
 
 

Hun

Tá 1.25 milliún cainteoirí dúchais Ungáirise sa Rómáin, arb ionann iad agus 6.3& den mhór-dhaonra. Tá cónraí ar an chuid is mó acu sa Trasalváin, áit a bhfuil dhá réigiún a bhfuil na cainteoirí mar thromlach iontu
 
 
 
Buidheachas

Tá an tionscadal maoinithe ag an chlár maoinithe Erasmus+ faoin chomhaontú deontais uimhir 2019-1-ES01-KA204-064957