Hungarian
An Ungáiris
Tá 1.25 milliún cainteoirí dúchais Ungáirise sa Rómáin, arb ionann iad agus 6.3& den mhór-dhaonra. Tá cónraí ar an chuid is mó acu sa Trasalváin, áit a bhfuil dhá réigiún a bhfuil na cainteoirí mar thromlach iontu: Tír na Saecal, ceantar traidisiúnta i lár na Rómáine, ina bhfuil Hargita (Harghita), Kovászna (Covasna) agus codanna de Chontae Maros (Mureș) agus Partium, i limistéar teorann an iar-thuiscirt Bihar (Bihor) agus Contaetha Szatmár (Satu Mare).
Is Ungáraigh dhúchasacha iad bunús na gcainteoirí Ungáirise (breis agus 97%), rud a dhéanann an teanga ina táscaire tábhachtach deighilte idir an tromlach Rómánach agus an mionlach Ungárach. Is íseal an cumas Ungáirise a bhíonn acu siúd nach Ungáraigh iad, agus níl cumas labhartha nó tuisceana ag céatadán diomaibhseach (timpeall 1.5%) acu siúd nach Ungáraigh iad sa Rómáin ar an teanga.
De réir na saineolaithe, meastar 1) gur aonteangaigh Ungáirise iad 25% d’Ungáraigh, a úsáideann an Ungáiris amháin den chuid is mó in achan chomhthéacs, 2) gur cáinteoirí dátheangacha neamh-chomhshamhlaithe iad 40-45% dóibh, a úsáideann an Ungáiris go príobháideach, ach a thiontaíonn ar an Rómáinis i gcomhthéacsanna oifigiúla go pointe, 3) gur cáinteoirí dátheangacha comhshamhlaithe iad timpeall 20% dóibh a úsáideadh an dá theanga go príobháideach agus a úsáideann an Rómáinis amháin go hoifigiúil beagnach i gcónaí agus 4) gur cáinteoirí comhshamhlaithe Rómáinise iad 10% dóibh, a úsáideann an Rómáinis go rialta nó i gcónaí ó lá go lá. I gcás na gcainteoirí seo tá cúrsaí athruithe teanga ar tí tarlú.
Is féidir le páistí Ungáracha a máthairtheanga a fhoghlaim ag achan chéim fríd an chóras scolaíochta agus oideachais, ó naíscoil go dtí an tríú leibhéal. Roghnaíonn an chuid is mó acu an staidéar aonteangach i scoileanna Ungáirise. Sa bhreis ar an fhoghlaim fríd an Ungáiris, foghlaimítear an Ungáiris ar feadh ceithre huaire gach seachtain ón naíscoil fríd go deireadh na meánscoile.
Tá isteach agus amach ar 200 bardas a bhfuil na hUngáraigh mar thromlach iontu agus sna ceantair seo bíonn an Ungáiris in úsáid go laethúil ar fud na háite. In ainneoin seo ar fad, ní aithnítear an Ungáiris mar theanga oifigiúil sa Rómáin, cé gur féidir, de réir an dlí, le cáinteoirí Ungáirise a dteanga féin a úsáid agus iad ag plé leis na húdaráis agus le hinstitiúidí poiblí, má tá siad lonnaithe in aonad riaracháin ina bhfuil breis agus 20% acu ann.
